Maratón Scoile Dé Céadaoin 17ú Bealtaine

Bhí lá iontach ag scoláirí an choláiste a ghlac páirt i maratón scoile ar mhaithe le h-airgead a thiomsú do SERVE. Rith scoláirí sóisearacha an cúrsa i bpáirc an Ghrifín ar maidin agus na sinsir um thrathnóna. Bhí an-lá againn ar fad agus bhí an aimsir go hiontach.

Buaiteoirí an lae – Scoláirí is tapúla sa mharatón scoile
Soisir:
Oilibhéar Birch (Rang Ealla Bliain 1)
Aoife Ní Chofaigh (Rang Lagáin Bliain 3)
Sinsir:
Conchúr de Stóc (Rang Sláine Bliain 5)
Ciara Ní Chathmhaoil (Rang Finne Bliain 4)
Beidh dearbhán do Ionad Siopadóireachta Ghleann Na Life le bronnadh orthu ar an Aoine
Beidh an tarraingt oifigiúil don phríomh duais (Surface Pro) ar an Aoine ag tionól sa halla. D’éirigh le ceathrar os cionn €100 a thiomsú agus beidh a n-ainmneacha ag dul sa hata don tarraingt sin.
Ba mhaith linn ar mbuíochas a chur in iúl do na scoláirí, a dtuismitheoirí agus iad siúd a a thug sintiús airgid dóibh agus a thug tacaíocht don mharatón scoile ar mhaithe le SERVE.

Scroll to Top