Scoláireacht Naughton.

Ba mhaith le pobal Choláiste Cois Life comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Clíona Nic Suibhne, rang ardteistiméarachta 2017, a ghnóthaigh Scoláireacht Naughton i mbliana. Bronntar na scoláireachtaí seo ar scoláirí ard-teistiméireachta a ghnóthaigh torthaí iontacha, agus atá ag dul ar aghaidh chun cúrsaí eolaíochta, teicneolaíochta nó innealtóireachta a dhéanamh ag tríú leibhéal. Tharla an searmanas bronnta i mí Meán Fómhair seo caite, i gColáiste na Tríonóide. Ba é an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Martin agus Carmel Naughton, ó Fhondúireacht Naughton, a bhronn an scoláireacht ar an 36 duine a bhuaigh an scoláireacht, Clíona ina measc. Guímíd gach rath uirthi sa todhchaí.
 
Staff, students and all associated with Coláiste Cois Life would like to offer our congratulations to Clíona Nic Suibhne, Leaving Certificate class of 2017, who was awarded a Naughton Scholarship this year. These scholarships are awarded to students who achieved excellent leaving certificate results, and who progress to study science, technology or engineering courses at third level. The awards ceremony took place last September in Trinity College. The Taoiseach, Leo Varadkar, and Martin and Carmel Naughton, of the Naughton Foundation presented the 36 recipients with their scholarships. We would like to take this opportunity to wish Clíona every success in the future.

Scroll to Top