Turas chun na Gearmáine

[vc_row][vc_column][vc_column_text]

Ar an 10ú lá de mhí na Nollag chuaigh grúpa de 25 scoláire, ón rang Gearmáinise bhlian a cúig, agus trúir múinteoir ar thuras chuig margaí na Nollag i Köln ar feadh an lae. Thuirling muid isteach in aerfort Düsseldorf agus ansin fuaireamar an traein go dtí cathair Köln. Bhí roinnt ama againn sna margaí chun píosa siopadóireachta a dhéanamh agus chun lón a fháil agus ina dhiaidh sin rinneamar turas d’Ardeaglais Köln. Shiúlamar suas 509 céim go dtí barr na hArdeaglaise agus bhí radharc iontach den chathair ar fad againn. Chuamar go dtí músaem seacláide Lindt chomh maith ag foghlaim a lán faoi conas a dhéantar seacláid agus mar gheall ar stair na seacláide.  Cheannaíomar go léir a lán seacláide ann chomh maith. Bhí dinnéar againn ar ais ag na margaí agus ansin bhí orainn an traein a fháil go dtí aerfort Köln. D’fhilleamar ar an mbaile agus bhíomar go léir traochta ach bhí lá iontach ag gach duine.

[/vc_column_text][vc_empty_space height=”32px”][us_gallery ids=”1063,1064,1065,1066,1067,1068,1069,1070,1071,1078,1080,1082,1086″ columns=”6″ indents=”1″ layout=”masonry”][/vc_column][/vc_row]

Scroll to Top