Bl. 2 sa Ghaeltacht – Lá 2
Bhí an t-ádh le Grúpa 2 níos mó ama a bheith acu sa leaba ar maidin agus Grúpa 1 imithe chuig Eilemental! Bhí an-spraoi againn ann ag déanamh rianadóireachta agus ag imirt Laser Tag! Tar éis dúinn filleadh ar an Teálta agus lón deas a bheith againn, tháinig aoichainteoirí Gearóid agus Máire Denvir – na laochra a bhunaigh Coláiste Chamuis i 1973! Labhair siad linn faoi thábhacht na Gaeilge agus stair na tíre. Bhí siad an-sásta leis na scoláirí a chur ceisteanna iontacha agus a léirigh suim ó thús go deireadh. I ndiaidh am dinnéir, tháinig Orla Ní Fheinneadha agus mhúin sí amhráin agus damhsa ar a sean nós dúinn. Tá go leor cleachtaidh déanta againn anois agus táimid réidh don chéilí mór oíche amárach!
Group 2 were lucky to get a few extra minutes in bed this morning while Group 1 went on ahead to Eilemental! We had great fun there doing orienteering and playing Laser Tag. When we returned to the Teálta, we had our lunch and listened to guest speakers Gearóid and Máire Denvir – the heroes who founded Coláiste Chamuis in 1973! They spoke about the importance of An Ghaeilge and the history of Ireland. They were delighted with the students’ excellent questions and their interest from start to finish. After dinner, Órla Ní Fheinneadha came and taught us some songs and sean nós dances. We have plenty of practice done now and we’re ready for the céilí mór tomorrow night!


