Blitzchomórtas i Ráth Chairn

Bhí lá den scoth ag na scoláirí i bPáirc Ráth Chairn ar an 30ú d’Aibreán agus iad ag glacadh páirte i mblitzchomórtas iontach. Rinneamar an turas fada go Ráth Chairn chun cluichí a imirt in aghaidh Ghaelscoil Mhá Nuad agus Choláiste Pobail Ráth Chairn.

D’éirigh thar barr lenár gcailíní sóisearacha agus bhain siad an bua amach, agus ní raibh na buachaillí sinsir le stopadh ach an oiread agus iad ag tabhairt leo craobh na sinsear i gcoinne Choláiste Pobail Ráth Chairn.

Comhghairdeas mór le Millie Ní Dhúshláine a ainmníodh mar laoch an chomórtais sa rannóg shóisearach — éacht iontach ar fad!

Ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le CPRC as an lá iontach a eagrú dúinn. Bhí craic agus spórt den chéad scoth ann agus tá súil againn go leanfaidh an traidisiún seo ar aghaidh sna blianta amach romhainn.

Fantastic day out in Ráth Chairn on April 30th for the blitz competition!

Our junior girls brought home the win, while the senior boys were crowned champions after a great final against Coláiste Pobail Ráth Chairn. Huge congratulations as well to Millie Ní Dhúshláine, who was named Player of the Tournament in the junior section.

A big thank you to CPRC for organising such a brilliant day — we’re already looking forward to the next one!

Scroll to Top