Táimid fíorbhródúil as Sadhbh Ní Chatháin BL.6 agus éacht bainte amach aici ag Scléip an tseachtain seo caite. Agus í i lár na mbréagscrúduithe, bhí ar Shadhbh bhocht rith chuig an Helix láithreach bonn tar éis di a páipéar matamaitice a chríochnú! Chan Sadhbh amhrán féinchumtha A Chuisle, a Chroí agus mhol na moltóirí an dea-Ghaeilge a bhí le cloisteáil uaithi. Is ceoltóir gníomhach í Sadhbh agus beimid ag faire amach di sna cairteacha tar éis di an scoil a fhágáil. Ach ar dtús, caithfidh sí díriú ar scrúdú ceol na hArdteiste!

