Cispheil- Craobh na hÉireann buaite ag Coláiste Cois Life!!

Bhí lá mór ceiliúradh ag na cailíní cispheile ar an Máirt 2ú Bealtaine. D’éirigh leo leath-chraobh na hÉireann a shroichint. D’imir siad ar 14:30 san Airéana Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht. D’imir siad in aghaidh Naomh Seosamh Castlebar agus ba é an scór deireanach ná 42 – 25. Bhuaigh CCL! Cúpla uair níos déanaí bhí an chraobh ar siúl in aghaidh Causeway Comprehensive ó chontae Chiarraí. Cluiche níos deacra a bhí ann, ach tháinig ár gcailíní le chéile agus d’imir gach uile duine go hiontach. An scór deireanach ná 43-22 an bua ag CCL. Foireann den scoth iad! Tá an chuid is mó den fhoireann i mbliain a dó, ach beirt an-tábhachtach ó bhliain a haon ag imirt freisin. Táimid an-bhródúil astu.

Comhghairdeas ollmhór le:

Traenálaí- Aingeal Ní Ghiobúin.
Imreoirí:
Katie Ní Ghualraic
Abigail Ní Thoráin
Ellen De Rochford
Méabh Nic Uinn
Ella Hilliard
Sophie Nic Gabhann
Olivia Ní Choileáin
Mia Ní Dhochartaigh
Seoige Atkinson
Evelyn Ní Dhrisceoil
Éabha Ní Chathasaigh
Bronagh De Bass
Rhiannan Ní lochlainn
Sorcha Nic an tSaoir
Megan Ní Ghúilín
Ciara Ní Dhualaing

Scroll to Top