Cluichí ceannais sa chispheil

Comhghairdeas mór lenár bhfoireann buachaillí an dara bliain a bhuaigh Cluichí Ceannais Oirthear D sa chispheil an tseachtain seo caite. Is éacht iontach é seo agus léiríonn sé a gcomhoibriú, a ndiongbháilteacht agus a seasmhacht tríd an mbliain. Tá na buachaillí ag dul ar  aghaidh anois chuig na cluichí leathcheannais de Chorn Forbartha Laighean an tseachtain seo. Táimid thar a bheith bródúil astu agus guímid gach rath orthu! Coinnigh suas leis an obair iontach, a bhuachaillí!

Congratulations to the second-year boys’ team on winning the East D Basketball Final. A great achievement. Best of luck in the Leinster semi-finals!

Scroll to Top