Thug bl. 1 agus bl. 2 faoi neart imeachtaí éagsúla mar chuid d’imeachtaí #Gaeilge24 inniu. Bhí rang HIIT agus comórtas damhsa acu ar maidin, tráth na gceist roimh am lóin agus tóraíocht taisce bunaithe ar sheanfhocail éagsúla ag deireadh an lae. Comhghairdeas le buaiteoirí na gcomórtas agus míle buíochas leis an gCoiste Gaelbhratach as ucht na himeachtaí a eagrú.