Cór Cois Life ag mothú an Spioraid!

Tá Cór Cois Life ag glacadh páirte in Emmanuel 2024 anocht! Is tionscadal ceoil liotúirgeach é Emmanuel, atá á reachtáil ag an Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, chun buanna amhránaithe agus ceoltóirí óga a spreagadh agus oiliúint – agus a úsáid in Aifrinn 

scoile agus seirbhísí urnaithe. Ó cuireadh tús leis an tionscadal Emmanuel, tá éileamh ar rannpháirtíocht ó mhúinteoirí agus ó scoláirí méadaithe faoi thrí agus i mbliana, ghlac 2,100 daoine óga páirt ann. 
Chaitheamar an lá ag cleachtadh agus ag ceardlanna spioradálta agus beidh dinnéar blasta againn i mbialann DCU roimh dul ar an ardán sa Helix don cheolchoirm anocht. Ba lá an-fhada é ach thaitin sé go 
mór leis na scoláirí.
Bhí an-áthas orainn gur roghnaíodh roinnt mhaith aonréadaithe ón scoil againne le véarsaí a chanadh le linn na ceolchoirme: Céit Nic Ruairí Bl.4, Muireann Ní Bhuachalla agus Olivia Breathnach Bl.3 agus Tadhg Ó Conghaile Bl.2.
Scroll to Top