Dea scéala. Cispheil- Craobh Laighin buaite ag cailíní bhliain 2.

Bhí cluiche den scoth ag na cailíní i mbliain a dó. Bhí siad ag imirt in aghaidh naomh colmcille Cnoc Liamhna. An chéad uair gur bhuaileamar leo bhí an bua ag Colmcille le 12 phointe. Ach bhí fonn díoltais ar na cailíní inniu agus bhí an-iomaíocht ó thús deiridh. Ní raibh ach pointe amháin sa difríocht faoi dheireadh. Bhí Colmcille chun tosaigh le dhá phointe sa nóiméad deireanach ach ansin d’éirigh le Ellen de Rochford ciseáin trí phointe a fháil. CCL abú.

 Comhghairdeas. Go n-éirí libh i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann a bheidh ar siúl Dé Sathairn.
Scroll to Top