Emmanuel 2026

Ghlac Cór Cois Life páirt in Emmanuel 2026. 
Is tionscadal ceoil liotúirgeach é Emmanuel, atá á reáchtáil ag an Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, chun buanna amhránaithe agus ceoltóirí óga a spreagadh agus a oiliúint – agus a úsáid in Aifrinn scoile agus seirbhísí urnaithe.   
Ó cuireadh tús leis an tionscadal Emmanuel, tá éileamh ar rannpháirtíocht ó mhúinteoirí agus ó 
scoláirí méadaithe faoi thrí agus i mbliana, ghlac 2,100 daoine óga páirt ann. 
Chaitheamar an lá ag cleachtadh agus ag ceardlanna spioradálta agus bhí dinnéar blasta againn i mbialann DCU sular ndeachaigh muid ar an ardán sa Helix don cheolchoirm mhór. Ba lá an-fhada é ach thaitin sé go mór leis na scoláirí.

Bhí an-áthas orainn gur roghnaíodh roinnt mhaith aonréadaithe ón scoil againne le véarsaí a chanadh le linn na ceolchoirme: Céit Nic Ruairí Bl.6, Dylan Mac Suibhne Bl.6, Olivia Breathnach Bl.5 agus Tadhg Ó Conghaile Bl.4 agus d’éirigh thar cionn leo! Chan Tadhg amhrán a d’aistrigh múinteoirí na scoile Elaine & Áine ionas go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid le linn an chláir. 

Bhí Iarla Ó Ceallacháin Bl.6 ar an stáitse trí oíche as a chéile mar bhall den cheolfhoireann – éacht déanta aige! Oíche bhrónach a bhí ann do scoláirí Bl.6 a bhí ann don uair dheireanach tar éis dóibh páirt a ghlacadh gach bliain dá gcuid ama i gCCL.                                              
Scroll to Top