Emmanuel

Ghlac Cór Cois Life páirt in Emmanuel 2025 Dé Céadaoin! 

Is tionscadal ceoil liotúirgeach é Emmanuel, atá á reachtáil ag an Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, chun buanna amhránaithe agus 

ceoltóirí óga a spreagadh agus a oiliúint – agus a úsáid in Aifrinn scoile agus seirbhísí urnaithe. 

Ó cuireadh tús leis an tionscadal Emmanuel, tá éileamh ar rannpháirtíocht ó mhúinteoirí agus ó scoláirí méadaithe faoi thrí agus i mbliana, ghlac 2,100 daoine óga páirt ann. 

Chaitheamar an lá ag cleachtadh agus ag ceardlanna spioradálta agus bhí dinnéar blasta againn i mbialann DCU roimh dúinn dul ar an ardán sa Helix don cheolchoirm mhór. Ba lá an-fhada é ach thaitin sé go mór leis na scoláirí.

Bhí an-áthas orainn gur roghnaíodh roinnt mhaith aonréadaithe ón scoil againne le véarsaí a chanadh le linn na ceolchoirme: Céit Nic Ruairí Bl.5, Muireann Ní Bhuachalla agus Alanna Ní Dhochartaigh Bl.4 agus Tadhg Ó Conghaile Bl.3 agus d’éirigh thar cionn leo! Chan Tadhg amhrán a d’aistrigh múinteoirí na scoile Elaine & Áine ionas go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid le linn an chláir. 

Bhí Iarla Ó Ceallacháin Bl.5 ar an stáitse trí oíche as a chéile mar bhall den cheolfhoireann – éacht déanta aige! Oíche bhrónach a bhí ann do scoláirí Bl.6 a bhí ann don uair dheireanach tar éis dóibh páirt a ghlacadh gach bliain dá gcuid ama i gCCL.

Cór Cois Life had a long and busy day at Emmanuel 2025 on Wednesday. 

Emmanuel is a liturgical music programme run by the Archdiocese of Dublin to inspire and nurture the talents of young musicians.

Congratulations to those who were chosen as soloists; Céit Nic Ruairí Bl.5, Muireann Ní Bhuachalla and Alanna Ní Dhochartaigh Bl.4 and Tadhg Ó Conghaile Bl. 3. They were brilliant and we were all so proud of them and proud also to see our school uniform on the Helix stage on such a momentous occasion. Tadhg performed a song translated by teachers Elaine & Áine to have more Gaeilge included in the programme. 

Iarla Ó Ceallacháin Bl.5 was on stage three nights in a row as part of the Emmanuel orchestra – incredible! It was an emotional night for some 6th year students who were experiencing their last Emmanuel having taken part every year of their time in CCL. We’ll miss them next year!

Scroll to Top