Féile cheoil an BOOÁCDL

Tá bród an domhain orainn gur roghnaíodh Grúpa Traidisiúnta na scoile d’Fhéile Cheoil an BOOÁCDL sa Cheoláras Náisiúnta aréir agus bhí siad ar fheabhas ar fad! Moladh mór do na scoláirí a rinne an-chuid cleachtaidh chun a bheith réidh don seó mór, ach go háirithe do scoláirí BL5 a ghlac freagracht as na foinn a roghnú agus a chóiriú iad féin. Míle buíochas leis na tuismitheoirí a cheannaigh ticéid chun tacú leo agus leis na baill foirne a bhí i láthair don ócáid iontach sin

Scroll to Top