Is mór an brón dúinn a chloisteáil gur cailleadh ár n-iar-phríomhoide, Áine Ní Ghallchobhair, le déanaí. Bhí Áine ina príomhoide ar an scoil ó 1997 go 2009, agus d’imir sí ról lárnach i mbunú agus i bhforbairt na scoile sna blianta sin.
Ba cheannaire den scoth í, a threoraigh an scoil go muiníneach le linn tréimhse fháis agus athraithe. Bhí sí an-phaiseanta faoin nGaeilge agus bhí sí tiomanta do chothrom na féinne a chinntiú do gach scoláire a d’fhreastail ar an scoil. Lena chois sin, ba chomhghleacaí dílis, tuisceanach agus tacúil í do gach ball foirne.
Mar phobal scoile, aithnímid go mór an tionchar suntasach a bhí aici ar shaol agus stair na scoile agus beimid i gcónaí fíorbhuíoch di as a cuid oibre agus a díograis.
Tá ár smaointe agus ár gcomhbhrón lena clann agus lena cairde ag an am deacair seo, go háirithe lena beirt mhac, Cian agus Cillian.
Suaimhneas síoraí dá hanam.
We have received the sad news that our former principal, Áine Ní Ghallchobhair, has passed away recently. Áine served as principal of the school from 1997 to 2009.
She played a central role in the establishment and development of the school over the years. She was an outstanding leader during this period, when the school was growing under her care. She was passionate about the Irish language and ensuring fairness and an equal educational opportunity for every student who attended the school. She was also a supportive and loyal colleague to the school staff.
As a school community, we recognise and greatly appreciate her crucial role in the history of the school.
We are thinking of her family and friends at this time, especially her two sons, Cian and Cillian.
May she rest in peace.
