Ar an drochuair, tá nuacht bhrónach le roinnt againn le pobal na scoile. Cailleadh ár mball foirne, Máire Ní Rónáin, ag an deireadh seachtaine.
Ba mhúinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta í Máire sa scoil ó 2006. Le linn a cuid blianta i gColáiste Cois Life, léirigh sí grá agus paisean don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann. Thug sí tacaíocht leanúnach do scoláirí agus do chomhghleacaithe araon, ag roinnt a cuid saineolais go flaithiúil agus ag spreagadh grá don teanga i gcroí gach duine.
Beidh cuimhne bhuan againn ar a cineáltas, a dúthracht agus an tionchar dearfach a bhí aici ar ár bpobal scoile.
Cuirimid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do theaghlach agus do chairde Mháire i gContae an Chláir ag an am an-deacair seo.
Ar dheis Dé go raibh a hanam
Unfortunately, we have sad news to share with the school community. Our colleague, Máire Ní Rónáin, passed away at the weekend.
Máire was a teacher of Irish and Geography in the school since 2006. She showed a great love for the Irish language and Irish culture during her years with us in Coláiste Cois Life. She gave a great deal of support to students and to other teachers in relation to the language, generously sharing her knowledge and expertise.
We extend our sympathy to Máire’s family in County Clare.
