Comhghairdeas ollmhór le foireann Iománaíochta faoi 19 ! Bhuaigh siad craobh Átha Cliath le déanaí i gcoinne Choláiste Choilm. Bhí na leaids i mbarr a réime sa chéad leath i gcoinne na gaoithe agus le cúnamh dhá chúl ó Cian Waterhouse chuaigh siad isteach ag leath-am ceithre phointe chun tosaigh ar bhuachaillí Shoird. Chuaigh CCL ó neart go neart sa dara leath le taispeántais iontacha ar fud na páirce agus ó na hionadaithe. Chríochnaigh an cluiche ar scór 2-20 go 0-13 agus thug sin an deis do chaptaen na foirne, Oisín Breathnach an corn a bhailiú ar son a chomh-scoláirí!Tá na buachaillí anois i gcraobh Laighean ar an Déardaoin 13 Feabhra – Caith isteach ag 17:00 thíos i Heywood Community School. Tá súil againn bus tacaíochta a eagrú. Coinnigh súil ar an aip scoile má tá suim agat dul agus tacaíocht a thabhairt do na leaids.
Massive congratulations to the boys U19 Hurling team who won their Dublin final against Coláiste Choilm. The lads were flying in the first half against the wind and with the help of two goals from Cian Waterhouse they went in at half-time 4 points ahead of the boys from Swords. Coláiste Cois Life went from strength to strength in the second half with some great performances all over the pitch and from the substitutes. The game finished with a scoreline of 2-20 to 0-13, which gave captain of the team, Oisín Breathnach the opportunity to accept the cup on behalf of his teammates and fellow students! The boys are now into the Leinster Final on Thursday 13th February – Throw is at 17:00 down in Heywood Community School. We hope to arrange a supporters bus. Keep an eye on the school app if you have an interest in going to support the lads.
An Fhoireann: J Ó Néill, C Ó Longáin, M Ó Broin, D Ó Riain, D Mac Fiaich (0-01), D Ó Dochartaigh, B Ó Caoimh, O Breathnach (0-03), L Mac Lochlainn (0-01), C Ó Gadhra, J an Mhuilinn (0-05), D Ó Cuinn (0-03), C Waterhouse (2-3), F Ó Dúshláine (0-01), A Ó Maoileoin,E Ó Murchú, T Ó Raghallaigh, D Coilféir (0-01), R Ó Briain, R Ó Dochartaigh (0-02) L Ó Faoláin, C Ó Caoinleáin, R Ó Maoilmhín, O Breathnach, C Ó Riain, L Ó Cearúil, R Ó Flatharta, L Ó Fainín, E Ó Cúille, J Cinsealach


