Lá Spóirt lán le spraoi

Bhí lá den chéad scoth againn ar an Aoine faoin ngrian ag ár Lá Spóirt! Bhí réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl ag na scoláirí, lena n-áirítear tarraingt na téide, cic pionóis, cluiche corr agus rásaí éagsúla.

Bhí iomaíocht ghéar freisin idir na múinteoirí agus scoláirí BL6 sa chluiche rugaí leaiste, ach sa deireadh ba iad scoláirí BL6 a tháinig amach mar bhuaiteoirí.

Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt agus a chuidigh leis an lá seo a eagrú.

We had a brilliant Sports Day on Friday with plenty of fun activities and great competition throughout the day. Congratulations to BL6 on their win against the teachers in the tag rugby match!

Scroll to Top