Bhí lá deas ag scoláirí ceoil na Sraithe Shóisearaigh inniu sa Cheoláras Náisiúnta ag éisteacht leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta agus an sár-amhránaí Loah a chan dhá amhrán a chum sí í féin. Bhí sé ar fheabhas go raibh cumadóirí baineanna agus cumadóirí Éireannacha ar an gclár acu ach buaicphointe na ceolchoirme dúinn go léir ná Siansa Uimhir a Cúig le Beethoven.
Our Junior Cycle Music students had a nice day at the National Concert Hall today listening to the National Symphony Orchestra and the amazing singer Loah who performed two of her own compositions. It was fantastic that there were female composers and Irish composers included in the programme but the highlight for all of us was the Beethoven’s Symphony No.5.


