Scoláireacht acadúil

Bhí áthas orainn ár n-iardhalta Sienna Ní Dhúill a fheiceáil ag an searmanas in Ollscoil Mhá Nuad a thug aitheantas do mhic léinn chéad bhliana ar bhronnadh scoláireacht acadúil orthu mar gheall ar a dtorthaí iontacha san Ardteistiméireacht. Is léiriú iontach é an t-éacht seo ar a díograis agus ar an obair chrua atá déanta aici.
Tá sí ag déanamh staidéir ar Ghnó agus Dlí faoi láthair, agus táimid fíorbhródúil aisti. Guímid gach rath agus sonas uirthi agus í ag leanúint ar aghaidh lena cuid staidéir i Má Nuad

Scroll to Top