Seachtain na Féile Vailintín

Seachtain na Féile Vailintín atá ann, agus mar sin, ní mór dúinn gach cineál grá atá sa saol againn a cheiliúradh. Beidh líreacáin ghrá á ndíol againn in R7/8 ag am lóin an tseachtain seo. Tá costas euró amháin orthu agus glacfar le hairgead tirim amháin. Tá teachtaireachtaí grámhara gleoite scríofa orthu, agus is féidir libh iad a fhágáil gan ainm nó d’ainm a chur leis. Scaipfear na líreacáin sna ranganna an Aoine bheag seo.  Beidh líreacáin le haghaidh bhl. 4, 5 agus a 6 á ndíol amárach ag am lóin agus beidh líreacáin le haghaidh bl. 1,2,3 á ndíol ag am lóin ar an Déardaoin.

Scroll to Top