D’éirigh go hiontach leis na lúthchleasaithe arís sa dara lá i Seantrabh. Rinne Darragh Ó Conchúir agus Fionnáin Uibh Eachach an-iarracht leis an rás 5k ar maidin. D’eirigh le hOilibhéar Birch as bliain a 1 an rás 800m a bhuachan agus d’éirigh le hAoife Ní Shaoraigh an 5ú háit a bhaint amach i rás na gcailíní. Bhain na buachaillí bliain a 2 agus na cailíní bliain a 5 an chraobh amach sa rás sealaíochta. Bhí an mí-ádh ar Shorcha Ní Ghiolla Chearra agus Robyn Ní Chaoimh a tháinig sa cheathrú háit sa léim fhada agus 200m. D’éirigh linn dhá bhonn eile a bhuachan nuair a tháinig Caoimhe Ní Chróinín agus Suzi Ní Fhearghaíl sa dara háit sa rás 200m sóisear agus sinsear. Cuireadh an- isteach ag na scoláirí arís i mbliana agus beidh lán fáillte roimh scoláirí nua a bhfuil suim acu triail a bhaint as an lúthchleasaíocht an bhliain seo chugainn.




