Lá gnóthach a bhí ann ar an Déardaoin.
Thug na ceoltóirí traidisiúnta, na rinceoirí Gaelacha agus Cinnirí Gaeilge na cúigiú bliana cuairt ar @childrenshealthirl i gCromghlinn. Rinne siad taispeántas idirghníomhach leis na páistí, idir ceol, amhránaíocht & damhsa. Ba mhór againn uilig a bheith libh! A bhuí le múinteoir Máire a phéinteáil agus a chuir focail ghleoite Ghaeilge ar chlocha beaga le tabhairt do na páistí.
Tháinig na Sonnys aniar ó Chonamara le haghaidh Céilí na nGaelcholáistí le scoláirí bl. 5. An-spraoi a bhí againn le muintir GC Reachrann, Coláiste Mhuire, Coláiste de hÍde, Coláiste Chillian, Coláiste na Tulchann.


