SNAG

Chuir muid deireadh suaimhneach le himeachtaí na seachtaine.
Tháinig @yogalenaoise ar chuairt chugainn agus rinne sí rang ióga le bl. 6 agus bl. 1. Bhí siad thar a bheith zen faoi dheireadh an ranga agus iad réidh le tabhairt faoin staidéar an DS seo! Bhain siad uilig an-taitneamh as.  Bhí tráth na gceist ag bl:1 agus bhí grúpa ag blitz na nGaelcholaistí. Bhí bua iontach acu. 

Imeachtaí eile:
Bhí comórtais eile ar siú le linn na seachtaine, idir tomhas an lae, físeán grinn Ghaelach, MEMES ar na botúin choitianta agus laochra litrithe. Rinne na scoláirí a seacht ndícheall. Treise libh a scoláirí! Buíochas mór leis na Cinnirí Gaeilge a stiúr chuile chomórtas. Bhí obair na gCapall ar siúl acu!!
Scroll to Top