Tionscadal Cárta Poist

D’oibrigh scoláirí ealaíne agus Béarla ar thionscadal cárta poist 2025 le déanaí in éineacht le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus Chomhairle na Breataine. Is tionscnamh malartaithe cártaí poist é ina ndearadh daltaí ó bhreis agus 90 scoil in Éirinn agus sa Bhreatain saothar ealaíne bunaithe ar théama ‘’Cairdeas’. 

Bhí saothar ealaíne de Cara Ní Mhurchú, Sean Mac Lochlainn, Eoghan Ó Maolmhuaidh, Síofra Ní Éilí, Conor Mac Giolla Bhearaigh & Lauren Ní Mhurchú curtha i gcló sa leabhar don taispeántas. 

Beidh na cártaí ar taispeáint ar feadh míosa i dteach Jane Austen i Sasana!

Labhair Eoghan Ó Mhaolmhuaidh, Cara Ní hArrachtáin, agus Síomha Ní Ruairc le Cúla 4 ar son TG4. Rinne siad post den scoth! 

Úsáideadh saothar Sean Mac Lochlainn agus Conor Mac Giolla Bhearaigh  don fhógraíocht oifigiúil in éineacht le saothar Síofra don chárta phost oifigiúil roghnaithe as na céadta cinn eile. Maith sibh ar fad, tá muid an-bhródúil asaibh.

Scroll to Top