Guímid chuile rath ar scoláirí na hArdteiste ’24 agus a gcuid torthaí scrúduithe á bhfáil acu amárach. Is clochmhíle tábhachtach é atá bainte amach acu ach tuigimid freisin nach bun agus barr an scéil iad na scrúduithe ach oiread. Cibé rud atá amach romhaibh, tá súil againn go n-éireoidh go maith libh, a scoláirí.
Tuilleadh eolais anseo: https://careersportal.ie/leaving-cert-results-guide
Beidh bainistíocht na scoile ar fáil amárach má tá ceist ar bith ag scoláirí – bígí i dteagmháil linn. Ádh mór ar na scoláirí.
