Bhí lá iontach ag na daltaí eacnamaíocht bhaile ón 5ú agus 6ú bliain i Monarcha Sheacláide Butler’s!
Fuair na daltaí an seans chun táirgeadh agus pacáistiú na seacláide a fheiceáil ó thús go deireadh agus bhreathnaigh siad ar na nósanna sláinte agus sábháilteachta bia i gcleachtas.
Ar ndóigh bhí deis acu go leor seacláidí éagsúla a bhlaiseadh agus a gcuid féin a mhaisiú chomh maith!


