An Coláiste

An Ghaeilge

Bunaíodh an Coláiste chun oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do scoláirí a bhfuil sé ag teastáil uathu agus, chomh maith le sin, chun suim agus meas i dteanga agus i gcultúr na tíre a spreagadh, a fhorbairt agus a leathnú. Más rud é go roghnaíonn tuismitheoirí agus scoláirí teacht ag an gColáiste tá sé intuigthe go nglacann siad leis gurb í an Ghaeilge teanga cumarsáide an Choláiste i gcónaí ach amháin i ranganna teangacha eile. Mura n-úsáidtear an Ghaeilge mar ghnáththeanga an Choláiste ní hamháin go bhfuil dallamullóg á chur againn orainn féin ach, chomh maith le sin, ní éireoidh linn bunaidhm an Choláiste a bhaint amach. Ba chóir do gach duine páirt ghníomhach a ghlacadh lena chinntiú go n-éiríonn linn an aidhm seo a chur i gcrích.

The Coláiste was established to provide education through Gaeilge for students who wish to avail of it and, also, to encourage, develop and extend the interest in the language and culture of the country. When parents and students select the Coláiste it is assumed that they accept that Gaeilge is the language of communication for all the activities of the Coláiste except in other language classes. If Gaeilge is not the normal language of the Coláiste, not alone are we fooling ourselves, but neither will we succeed in achieving the basic aim of the Coláiste. Everyone has an active role in ensuring our success.

Stair an Choláiste

Bunaíodh Coláiste Cois Life sa bhliain 1997 chun freastal ar an éileamh atá ar oideachas iarbhunscoile trí mheán na Gaeilge.

Ag an tús bhí an scoil lonnaithe ar thalamh Choláiste Chilliain i gCluain Dolcáin. Sa bhliain 1999 bhogamar chuig foirgneamh sealadach i Leamhcán agus cuireadh seomraí breise leis an scoil gach bliain go dtí 2005. Bhogamar isteach sa bhfoirgneamh buan i Meán Fómhair 2006.

Bhí 21 scoláire sa chéad rang a thosaigh linn agus rinne siad Ardteist i Mí an Mheithimh 2003. 

Tá formhór na hiarscoláirí ag freastal ar chúrsaí éagsúla i gColáistí 3ú leibhéil.

Is as Baile Phámar, as Leamhcán agus as Cill Dara Thuaidh a thagann tromlach na scoláirí.

Coláiste Cois Life was established in 1997 to meet the demand for post-primary education through the medium of Gaeilge.In the beginning the Coláiste was situated on the grounds of Coláiste Chilliain in Clondalkin. In 1999 we moved to a temporary building in Lucan and extra rooms were added each year until 2005. We moved into our permanent building in September 2006.

There were 21 students in the first group and they did the Leaving Certificate in June 2003. 

The majority of past pupils are attending various courses in third level colleges.

Most of our students come from Lucan, Palmerstown and North Kildare.


Scroll to Top