Imríodh cluiche cispheile na nGael inné, 24/10/16 i halla na scoile.
Tháinig foireann ó Ghaeltacht na Mí, scoláirí Coláiste Pobail Ráth Chairn chun cúirte in aghaidh foirne cailíní agus buachaillí CCL.
An-spórt a bhí ann.
Comhghairdeas ó chroí do na himreoirí a ghlac páirt ann.
Ár mbuíochas agus ard-mholadh do na scolairí a thug cúnamh le réiteoireacht; Róisín Ní Dhálaigh, Cillian Ó hÓgáin, Rebecca Atkinson, Caitríona Atkinson agus Seán Ó Laoslaoi.