Polasaí Bulaíochta

 

AONRÚ, GLAOCH AINMNEACHA agus MAGADH PEARSANTA

 

Gach múinteoir: Ba cheart an scoláire a cheartú ar an spota, a mhíniú go soiléir don scoláire cén fáth nach bhfuil an saghas seo iompair ceart agus moltar é seo a dhéanamh ar bhealach neamhbhagrach.

  1. Má’s cás leanúnach é i.e. má thugann an múinteoir faoi deara, thar thréimhse ama, nach bhfuil feabhas tagtha ar iompar an scoláire sin ní mór é a chur in iúl don mhúinteoir ranga cuí.

 

  1. Ní mór don múinteoir ranga:-
    • An phríomhoide agus na príomhoidí tánaisteacha a chur ar an eolas.
    • Labhairt leis an scoláire.
    • Foirm eachtra a tharla a líonadh agus a thabhairt don cheann bliana nó a chur ar a s(h)eilf sa seomra oibre nó an fhoirm a chur san fhillteán sa phríomhoifig.
    • Tuismitheoirí/Caomhnóiri a chur ar an eolas.
    • Múinteoirí eile a chur ar an eolas m.sh. Múinteoir OSPS/Reiligiúin.
    • Monatóireacht ar an scoláire(í) agus mura dtagann aon athrú dearfach ar an scéal ní mór é a phlé leis an bpríomhoide tánaisteach.

 

DAMÁISTE DO SHEALÚCHAS PEARSANTA agus SRACAIREACHTA

 

Ba cheart é seo a chur in iúl don príomhoide/ príomhoidí tánaisteacha agus don cheann bliana agus don mhúinteoir ranga láithreach agus go ngníomhódh an múinteoir ranga / ceann bliana mar seo a leanas:

 

  • An scéal a fhiosrú – labhairt leis na daoine ar fad atá páirteach sa scéal. Foirm an scoláire maidir le tuairisc ar eachtra a tharla a bheith líonta más gá.
  • Foirm eachtra a tharla a líonadh agus a thabhairt don cheann bliana nó a chur ar a s(h)eilf sa seomra oibre nó an fhoirm a chur san fhillteán sa phríomhoifig.
  • Tuismitheoirí/Caomhnóirí a chur ar an eolas.
  • Cúiteamh a shocrú a bheadh céimithe de réir minicíochta agus dáiríreachta agus an príomhoide tánaisteach / príomhoide a choimeád ar an eolas.

 

 

IONSAITHE FISICIÚLA –  ar thalamh na scoile, ní mór do gach múinteoir:

 

  • Stop a chur leis an ionsaí láithreach – chomh fada agus is féidir agus iad a scaradh óna chéile – seomraí difriúla má’s gá.
  • Ainmneacha daoine a bhí páirteach ann a ghlacadh. Ainmneacha finnéithe a ghlacadh.
  • An príomhoide/príomhoide tánaisteach, ceann bliana agus an múinteoir ranga a chur ar an eolas láithreach agus gníomhóidh an ceann bliana / múinteoir ranga mar seo a leanas:
    1. Fios a chur ar otharcharr má’s gá (is gá go mbeadh duine fásta/múinteoir in éineacht leis an scoláire ag dul chuig an ospidéal).
    2. I gcás m.sh. lámh bhriste más féidir glaoch a chur abhaile féachaint an féidir le tuismitheoir/caomhnóir an scoláire a thabhairt chuig an ospidéal. Mura bhfuil tuismitheoir / caomhnóir ar fáil ní mór don mhúinteoir ranga bealach éigin a shocrú (in éineacht leis an bPríomhoide/Príomhoidí Tánaisteacha) leis an scoláire a thabhairt chuig an ospidéal.
    3. Garchabhair a thabhairt don scoláire más gá.
    4. Cuntas scríofa, (foirm an scoláire) sínithe a lorg ó na daoine a bhí páirteach nó a bhí ann.
    5. An fhoirm thuairisc ar thimpiste a tharla / an fhorim eachtra a tharla a líonadh.
    6. Tuismitheoirí/Caomhnóirí a chur ar an eolas – bualadh leo má’s gá.
    7. Cúiteamh a shocrú a bheadh céimnithe de réir minícíochta agus dáiríreachta agus an príomhoide / príomhoide tánaisteach a choimeád ar an eolas.
    8. Ní mór don mhaistínteoir leithscéal scríofa/ráite a ghabháil leis an té a ndearnadh maistíneacht air/uirthi.
    9. I gcás aon scoláire nach bhfuil toilteannach leithscéal a ghabháil iad a chur ar aghaidh chuig an comhairleoir treorach /príomhoide tánaisteach / príomhoide.

 

Cur i bhfeidhm an pholasaí

  • Ba chóir don mhúinteoir ranga ó am go céile am a chaitheamh ag am clárú dírithe ar mhaistíneacht.
  • Chomh maith le sin pléifear maistíneacht sna ranga OSPS.
  • Cabhair scoláirí sinsearacha a lorg agus scileanna a thabhairt dóibh chun díriú isteach ar an bhfadhb.
  • Is gá an Príomhoide a chur ar an eolas faoi gach cás máistíneachta.

 

 

Scroll to Top