Scléip 2016/17

Bhí ceol is cibeal in amharclann Clasach, Cluain Tarbh ag réamhbhabhta an oirthir de chomórtas Scléip Gael Linn ar an Máirt, 29 Samhain seo caite ! Bhí an amharclann lán go doras, idir iomaitheoirí agus lucht féachana, don ócáid phléisiúrtha seo.

Cuireadh rogha míreanna de ardchaighdeán i láthair i rith an lae ó naoi scoil i gCúige Laighean – ó Bhaile Átha Cliath, Coláiste Cois Life, Leamhcan, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín, agus don chéad uair, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, mar aon le Gaelcholáiste Chill Dara, Nas na Rí agus Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí.

D’éirigh go hiontach le Coláiste Cois Life le 3 mhír ag dul ar aghaidh chuig an gcraobh náisiúnta i mí Feabhra 2017.

Comhghairdeas leis na hiomaitheoirí ar fad!

Beidh na scoláirí seo a leanas sa chraobh:

Shauna Ní Dhúláin:Rince Cruthaitheach (Aonair ) Sinsear

Affia Ní Fhaoláin, Amhránaíocht Chomhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear )

’Glór’ ( Megan Ní Bholgúir, Sophie de Búrca agus Alannah Hudson, Bliain 1) Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear )

Go n-éirí go geal libh sa Chraobh!

Saoirse BreathnachBeochtScléip- FaoiseamhScléip- GlórScléip, AffiaShauna

Scroll to Top